Bréanainn – an Naomh, an Cnoc, an Fhilíocht
€12.00
Tá cur síos sa leabhrán seo ar sheanchas Bhréanainn, ar an léiriú a thugtar ar an naomh sa litríocht agus sa traidisiún béil, agus ar chleachtais chomórtha agus deabhóide ina leith a leantar dóibh i gcónaí. Tá cnuasach dánta ann leis ó fhilí áitiúla, a chuireann friotal ar a bhfreagairt phearsanta do dhiamhracht Chnoc Bréanainn agus an traidisiún oilithreachta a bhaineann leis. Mar anlann leis an ábhar clóite, tá roinnt grianghraf a chuireann beocht chultas Bhréanainn in iúl go soiléir.
Additional information
Weight | 0.209 kg |
---|---|
Weight | 209g |
Cover | Soft cover |