Ardaigh an Laiste
€10.00
ISBN 9780906 096 215
Amhráin agus Rannta don Aos Óg atá anso agus iad a rá ag Bernie Pháid Ní Mhuircheartaigh agus ag Páidí Mhárthain Mac Gearailt ó Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí. Leanann seo Sicín Mise go Sona Sásta a d’eisigh Oidhreacht Chorca Dhuibhne i gcomhar leis na hamhránaithe céanna sa bhliain 2014. Áis í seo do Chuairteoirí Baile de chuid Tús Maith, Scéim Tacaíochta Teanga do thuismitheoirí Gaeltachta ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí agus do Chúntóirí Teanga i mbunscoileanna Chorca Dhuibhne. Deineadh an t-ábhar a thaifead le maoiniú ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta. Buíochas le Donogh Hennessy a bhí i mbun taifid agus tionlacain ar an ndlúthdhiosca. Ba é Dómhnal Ó Bric, Dún Chaoin, Co. Chiarraí a bhí i mbun ealaíne agus Feargal Mac Amhlaoibh, Inné Teo., Dún Chaoin, Co. Chiarraí an dearthóir. Allmedia a chuir i gcló. Orlaith Ruiséal (Tús Maith & Oidhreacht Chorca Dhuibhne) a chomhordaigh an togra.
29 in stock
Additional information
Weight | 0.3 kg |
---|