- Bíodh buataisí siúil láidre ort, greim bídh le n-ithe agus braon le n-ól agat id mhála chomh maith le cóta báistí, lámhainní agus caipín.
- Más siúlóid fhada í, tabhair leat deoch the, greim bídh breise, treabhsar eile agus péire stocaí tirim, léine thirim, guthán soghluaiste más féidir, tóirse, feadóg agus fearas garchabhrach.
- Coimeád an guthán soghluaiste múchta agus tú ag siúl.
- Bíodh mapa agus compás agat agus bí ábalta ar iad a úsáid, más gá.
- Lean treoir ar bith a gheobhair ón dtreoraí. Ná téir ar a aghaidh amach. Fan leis an ngrúpa i gcónaí.
- Talamh príobháideach – bí cáiréiseach. Má bhíonn geata dúnta romhat dún i do dhiaidh é.
- Ná fág ach rian do choise id’dhiaidh! Tabhair abhaile do chuid bruscair – páipéar, plaisteach, craicinn srl
- Páirceáil – bí cinnte ná loiceann tú i slí feirmeora ná tithe príobháideacha eile.
- Tabhair do thacaíocht do lucht gnó áitiúil – ceannaigh greim bídh sa tsiopa nó go háitiúil.
- Cuir glaoch ar 999 nó 112 i gcás éigeandála