ORLA UAN (2015)
€10.00
Scéal do Leanaí ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne
ISBN: 9780906096208
“Uainín beag gleoite atá ábalta labhairt is ea Orla Uan. Éist léithe, bí léithe agus í ag imirt agus ag labhairt Gaelainne ar Chruach Mhárthain”. Sin mar a chuireann údar an scéil, Eibhlín Uí Iarlaithe, síos ar Orla Uan ina leabhar ar eachtraí Orla is a cara Ruairí ar Chruach Mhárthain i gCorca Dhuibhne in iarthar Chiarraí. Seo é an chéad leabhar sa tsraith Orla Uan ó pheann Eibhlín. Rugadh Eibhlín Ní Bheaglaoich (Uí Iarlaithe) i mBaile ‘n Chaladh, i bParóiste an Fheirtéaraigh i gContae Chiarraí. Thosnaigh sí ag scríobh tar éis di éirí as an múinteoireacht, de bharr breoiteachta, sa bhliain 2001 agus tá sí ag scríobh ó shin. Tá dhá leabhar filíochta scríte aici, Na Buataisí Buí (2009) agus Mo Ghúna Síoda Buí (2010), iad araon foilsithe ag Coiscéim. Cumann Eibhlín amhráin, lúibíní agus agallaimh beirte chomh maith. Eibhlín a dheineann an scéal a insint ar an ndlúthdhiosca a ghabhann leis an leabhar álainn seo a mhaisigh Dómhnal Ó Bric. Feargal Mac Amhlaoibh a dhear an leabhar. Donogh Hennessy a dhein an taifead agus Orlaith Ruiséal, Tús Maith & Oidhreacht Chorca Dhuibhne a chomhordaigh an togra.
Orla Uan is the story of a lamb who befriends a young boy called Ruairí from the area of Cruach Mhárthain in the Irish speaking area of Ballyferriter in west Kerry. It is the first book in a series of stories by local author Eibhlín Uí Iarlaithe about the adventures of Ruairí and his friend, Orla the lamb. Eibhlín, a former primary school teacher is also the author of two poetry books for children, Na Buataisí Buí (2009) agus Mo Ghúna Síoda Buí (2010).
80 in stock
Additional information
Weight | 0.5 kg |
---|