Muintir Mhontana ar an mBaile!

Chuir An tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Jimmy Deenihan T.D. chomh maith le Colleen Dube ó Choimisiún Fulbright na hÉireann, fáilte oifigiúil go Corca Dhuibhne roimh mhic léinn Ghaeilge ó Ollscoil Montana, na Stáit Aontaithe i Músaem Chorca Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh ar an Aoine seo caite, an 24ú Bealtaine 2013. Tá na mic léinn i mbun Cúrsa Gaeilge i mBaile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí fé stiúir Oidhreacht Chorca Dhuibhne don dara bliain as a chéile. Tá an cúrsa seo á eagrú ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne i gcomhar leis an gClár i Léann na hÉireann, Ollscoil Montana, agus na mic léinn i mbun staidéir tré chabhair sparántachtaí ó Choimisiún Fulbright. Tá an teagascóir Gaeilge ar an gClár i Léann na hÉirean,Traolach Ó Ríordáin i dteannta na mac léinn.