Gaeilge, Siúlóidí Oidhreachta agus Blaiseadh Bia

Siúl sléibhe trí Ghaelainn i gCorca Dhuibhne!

arna eagrú ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne ón 10ú -12ú Deireadh Fómhair 2014

 

Walk and talk as Gaeilge in the hills of West Kerry in October.  Join Oidhreacht Chorca Dhuibhne in Ballyferriter for a three day Irish Language & Heritage Course from 10-12th October 2014.  Join an Irish Language class in the morning and spend the afternoons walking the hills or Heritage trails of the Dingle Peninsula.We will have a taste of the Autumn Harvest at lunch on Saturday!  

 

Beidh Cúrsa Gaeilge, Siúlóidí Oidhreachta & Blaiseadh Bia á reáchtáil arís i mbliana ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne ón 10ú-12ú Deireadh Fómhair 2014.  Beidh raidhse imeachtaí ar siúl ó ranganna Gaeilge ar maidin go siúlóidí sa tráthnóna, go cainteanna spreagúla istoíche agus blaiseadh bia an Fhómhair ar an Satharn.

 

‘Ceithre lá iontacha, sásúla i gCorca Dhuibhne, ag siúl sléibhte, ag breathnú ar radharcanna áille, ag foghlaim agus ag cleachtadh na Gaeilge i dteannta  mhuintir na háite - níl rud níos fearr ar domhan’ a deir Phil Fitzpatrick ó Chorcaigh.

 

‘Deinimid iarracht freastal ar dhaoine a thagann is cuma cén cumas teanga nó aclaíochta atá acu,’ a deir Caitríona Ní Chathail. ‘Beidh dhá rang ar maidin againn agus beidh aoichainteoir chugainn ansan roim lóin.  Tar éis lóin beidh rogha ag rannpháirtithe tabhairt fé Chnoc Bréanainn nó siúlóid seandálaíochta nó oidhreachta eile sa cheantar, Slí Ghallarais, cuir i gcás, nó fiú dul chomh fada ó bhaile le Lios Póil.’

 

Tuilleadh Eolais:  www.oidhreacht.ie / eolas@cfcd.ie nó 066 9156100 / Leathanach Facebook ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne