Cúrsa Gaeilge : 11-13 Deireadh Fómhair

Gaeilge, Siúlóidí Oidhreachta & Blaiseadh Bídh i gCorca Dhuibhne

Aoine 11ú Deireadh Fómhair – Domhnach 13ú Deireadh Fómhair

Más suim leat an Ghaeilge agus má tánn tú réasúnta aclaí tar ag siúl i gceantar Chorca Dhuibhne i lár mhí Dheireadh Fómhair.  Beidh Cúrsa Gaeilge, Siúlóidí & Blaiseadh Bídh á eagrú ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne don deireadh seachtaine i gceann des na ceantracha is áille in Éirinn.  Beifear lonnaithe i Músaem Chorca Dhuibhne i mBaile an Fheirtéaraigh, ocht míle siar ón nDaingean.  Tionólfar ranganna Gaeilge óna 9.30 ar maidin agus déanfar na siúlóidí, le treoraí, ar chnoc nó ar shléibhte Chorca Dhuibhne tar éis lóin. Beidh roinnt léachtaí ar ghné éigin d’oidhreacht an cheantair nó ar chúrsaí a bhaineann le cultúr nó le seandálaícht na háite á reáchtáil istoíche.

Beidh seisiún cócaireachta agus blaiseadh bídh mar chuid den gcúrsa seo chomh maith.

Ní mór do rannpháirtithe a bheith líofa nó líofa go maith sa Ghaeilge.  Níl an cúrsa oiriúnach do thosnaitheoirí sa Ghaeilge. 

Beidh gá ag lucht siúil le buataisí siúil agus leis an dtrealamh cuí chun dul ar na cnoic nó ar na sléibhte.  Táille: €130

 

 

 

Download DocumentDownload Attachment:
IMGP0614.JPG