Tá Oidhreacht Chorca Dhuibhne i mbun foilsitheoireachta ar shaothar taighde, seandálaíochta, litríochta, staire agus béaloidis ó céadbunaíodh í sa bhliain 1980. Cuireadh na foilseacháin seo ar fad i gcrích i gcomhar le húdair áitiúla Chorca Dhuibhne agus le hinstitiúidí oideachais agus cultúir ar fud na hÉireann. Is féidir ceann ar bith desna foilseacháin seo a cheannach ó Oifig Oidhreacht Chorca Dhuibhne i mBaile an Fheirtéaraigh: ag 066 9156100 nó ag [email protected] nó is féidir ceann ar bith a cheannach ar líne ag www.oidhreacht.ie