9A. Writing skills / Translation / Grammar course Higher Level 14th – 19th August 2017

Costas/Cost: €260

Dáta deiridh le haghaidh iarratais 28ú Iúil 2017.

Final date of application 28th July 2017.

Cuirfear béim sa chúrsa seo ar cheartscríobh na Gaeilge ach chomh maith leis sin ar labhairt na Gaeilge, ar ghramadach, ar shaibhriú foclóra, ar scileanna aistriúcháin agus ar áiseanna do cheartscríobh na teanga.  Beidh an cúrsa seo an-oiriúnach do rannpháirtithe a bhfuil Gaeilge labhartha líofa acu nó a bhfuil céim nó cáilíocht bhreise acu sa Ghaeilge ach a mbíonn leisce orthu tabhairt fé scríobh na Gaeilge toisc amhras cruinnis a bheith orthu.  Tabharfar treoir dóibh siúd go mbíonn scríbhneoireacht nó comhfhreagras sa Ghaeilge riachtanach ina gcuid oibre.

N.B.  Fáilte is fiche roimh mholtaí fé ábhar an chúrsa seo i scríbhinn, ós na rannpháirtithe,  mar chuid den iarratas.