Music, Art, Literature & Folklore Initiatives

Cuid den ról atá ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne sa phobal ná teanga agus cultúr Ghaeltacht Chorca Dhuibhne a chur chun cinn trésna hEalaíona Dúchasacha. Eagraítear imeachtaí cultúrtha do phobal na leithinise, idir óg is scothaosta agus ar na himeachtaí sin tá tograí agus imeachtaí Ceoil, Rince & Amhránaíochta, Litríochta, Ealaíne agus Béaloidis, a bhíonn á reáchtáil ó cheann ceann na bliana.